+44 28 9045 8560

GAILEARAÍ ÍOMHÁNNA

Stair agus béaloideas Gaelach oirthear Bhéal Feirste.

FAISNÉIS

Sonraí maidir le láithreacha turas bunscoile i bhfíseáin ghearra faisnéiseacha.

Droichead Con Uí Néill. Insíonn an traidisiún dúinn go mbaineann an droichead coisithe seo in oirthear Bhéal Feirste ó dheireadh an séú haois déag nó go luath sa seachtú haois déag agus tógadh é do thiarna na hÉireann, Con O’Neill.

Seans go raibh Ráth Lios na mBríonach, ard ar Chnoic an Chaisleáin Riabhaigh os cionn Bhéal Feirste, ina fhinné ar theacht na Lochlannaigh agus ar dhul chun cinn John De Courcy i dtreo Charraig Fhearghais ar chladach thuaidh Loch Bhéal Feirste.

An Caisleán Riabhach ar chnoic an Chaisleáin Riabhaigh, baile mhuintir Uí Néill Uachtair, agus a dtaoiseach óg, Con. Nead an Iolair a thugtar air, mar gheall ar an lánléargas iontach óna forbhallaí.

Reilig Chnoc Mhuire. Nuair a tháinig Con O’Neill ina Thiarna ar Chlann Bhuí i 1601, bhí an séipéal i Reilig Chnoc Mhuire ag dul i léig. Tháinig séipéal ag Cnoc Bhríde, trí mhíle uaidh, ina ionad sa bhliain 1737.

Dumha Insealbhaithe. Foghlaim faoi dhumha insealbhaithe Chon O’Neill, curtha go domhain i gcoillte ar imeall oirthear Bhéal Feirste, Tuaisceart Éireann.

Suíomh Adhlactha. Físeán faoi láthair adhlactha Con O’Neill ag Baile Uí Mhatháin, ar imeall oirthear Bhéal Feirste, Tuaisceart Éireann.

Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoi Journey East?

Photo of Con O'Neill Bridge East Belfast for Journey East Gaelic history guided bus and walking tours in Belfast and East Belfast Northern Ireland - square photo filename 0342

Turais Bus

Bí ar cheann dár dturas bus trí shráideanna oirthear Bhéal Feirste agus isteach i gCnoic an Chaisleáin Riabhaigh ar thuras isteach inár stair Ghaelach.

FÉACH SONRAÍ

Examples of Con O'Neill throne and staff created and photographed for Journey East Gaelic Irish history guided bus and walking tours in Belfast - photo 3

Cuairteanna Oideachais

Is iontach an rud é do pháistí agus do dhaoine fásta araon, agus is féidir linn cainteanna ar stair áitiúil na nGael a chur ar fáil do ghrúpaí staire agus pobail.

FÉACH SONRAÍ

Skainos Centre in east Belfast photographed for Journey East Gaelic Irish history guided bus and walking tours in Belfast - square photo 7157

Turas

Tá Turas bunaithe ar an tuairim go mbaineann an GHAEILGE le gach duine agus gur féidir léi a bheith ina meicníocht athmhuintearais.

FÉACH SONRAÍ

Address

Turas
Skainos Centre
239 Newtownards Road
Belfast BT4 1AF

Contact Us

Call: 028 9045 8560

Email Us >